You are here
Na Déise
-
córda
Ciall nó Míniú (BÉARLA): cord, light rope, string
Sampla(í) Úsáide: Níos coitchinne na "srang". ceangail le córda - tie with string.
Tuilleadh
-
coróinn
Ciall nó Míniú (BÉARLA): crown
Sampla(í) Úsáide: píosa coróinneach - crown piece, coróinn is raol - 5ˢ/6 ͩ. coroinn is púnt - 25/=.
Tuilleadh
-
coróinn
Ciall nó Míniú (BÉARLA): crown, five shilling
Sampla(í) Úsáide: píosa coróinneach - five shilling piece
Tuilleadh
-
corr iasc
Ciall nó Míniú (BÉARLA): Heron
Tuilleadh
-
corra giob
Ciall nó Míniú (BÉARLA): on his hunkers, sitting on his heels
Sampla(í) Úsáide: Bhí sé ar a chorra giob os comhair na tine - He was sitting on his heels in front of the fire.
Tuilleadh
-
corra-thónach
Ciall nó Míniú (BÉARLA): fidgety, restless, can't sit still,
Sampla(í) Úsáide: bheith corra-thónach i dtaobh rud éigin a bhí le déanadh 'gat. - to be restless or excited about something 7rl. Duine ná beadh suidhe shosa air. (dhéarfadh mo mháthair le duine bheadh mar sin: "Ní socair leaba an easpuig agat".)
Tuilleadh
-
corra-thónach
Ciall nó Míniú (BÉARLA): restless, shifting about
Sampla(í) Úsáide: Ní bh-fuigheadh sé a shuaimhneas a cheapadh bhí sé chomh corrathónach san. - He couldn't sit still he was so restless. An fhaid a bhí sé ag fuireach le n-a uain bhí sé ana-chorrathónach. - While waiting for his turn he was very restless.
Tuilleadh
-
corra-thónach
Ciall nó Míniú (BÉARLA): restless, fitful
Sampla(í) Úsáide: Ní féidir leis suidhe socair thá sé chomh corrathónach san. - He cant sit still he is so restless.
Tuilleadh
-
corrach
Ciall nó Míniú (BÉARLA): bog swamp
Tuilleadh
-
corraighthe
Ciall nó Míniú (BÉARLA): excited
Sampla(í) Úsáide: Bhí sé corruighthe go mór. = He was very excited, very "stirred up".
Tuilleadh
Pages