You are here

Na Déise


  1. Ciall nó Míniú (BÉARLA): under
    Sampla(í) Úsáide: fúm, fút, féig, fúithe, fúinn, fuibh, fútha. = under. fé'n leaba = under the bed 7rl. chuir sé féig iad. = .i. na cosa. = rith sé. fé fhraghthacha an tigh = under the roof of the hous fé phrátaí = "under" potatoes = .i. gort. "fí" in amhrán a bhí 'ge'm mháthair. "fá" = "So súd 7 súd fá cheile" = Rádh a bhíodh go coiteann ag Peaidí Sheana-Mhicil. "Fí thuairim ("urraim" ?) do shláinte"! = a toast. = do shláinte.
    Tuilleadh

  2. Sampla(í) Úsáide: Fé luighe gréin = Under the sun. Níl bitheamhnach níos mó ná é fá luighe na gréine. Níl fear níos macánta fé luighe na gréine.
    Tuilleadh
  3. fé chois
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): underfoot
    Sampla(í) Úsáide: fém chosa = under my feet. "cuir fét cois é" nó "leag do chois air" = keep it to yourself, = .i. a secret.
    Tuilleadh
  4. fé chois
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): downtrodden
    Sampla(í) Úsáide: fear athá fé chois - a man who is downtrodden.
    Tuilleadh
  5. fé chois
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): underfoot, subjected
    Sampla(í) Úsáide: Cimeád fé chois. - Keep in subjection. Choinnig sé fé chois a chuid treonthaithe - He kept his tenants in subjection. Bhí Éire fé chois ag na Sasannaig ar feadh na céadta bliadhain.
    Tuilleadh
  6. fé chois
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): underfoot, downtrodden
    Sampla(í) Úsáide: Bhí na treontuithe fé chois ag sna tighearnaí talmhan sa seana-saoghal. - The tenants were downtrodden 7rl. Is minic na daoine bochta fé-chois.
    Tuilleadh
  7. fé chuing
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): under the yoke, under the lash
    Sampla(í) Úsáide: fé chuing an phósta - "yoke" of matrimony. Bhí Éire fé chuing ag na Sasanaig.
    Tuilleadh
  8. fé ghlas
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): locked, under lock and key
    Sampla(í) Úsáide: Chimeádadh sí gach ao' rud nach beag fé ghlas. Is gnáthach airgead a chimeád fé ghlas.
    Tuilleadh
  9. fé ná thairis
    Sampla(í) Úsáide: Níl aon dul fé(ig) ná thairis. = There's no getting over or under him. = .i. There is no "good" to be got of him.
    Tuilleadh
  10. fé ndear
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): overlook
    Sampla(í) Úsáide: Níor thug sé fé ndear é. = He did not notice it. = to overlook.
    Tuilleadh

Pages

Subscribe to Na Déise