You are here
Na Déise
-
doicheallach
Ciall nó Míniú (BÉARLA): jaundiced?
Sampla(í) Úsáide: Dh'fhéach (jiəx) sé go doicheallach (dohələx) air. Pé rud a dhéanfaí níor fhéach (jiəx) sé a bheith sásta leis.
Tuilleadh
-
doimhin
Ciall nó Míniú (BÉARLA): deep
Sampla(í) Úsáide: an uaigh a dhéanadh níos doimhine (diŋ'ə). - To deepen the grave. Caithfidh tu an poll san a dhéanadh níos doimhine - You must deepen that hole.
Tuilleadh
-
doimhin
Ciall nó Míniú (BÉARLA): deep
Sampla(í) Úsáide: Doimin (dəiŋ') - deep. Thá an abhainn doimhin. Thá an t-uisce ró-dhoimhin 'san áth. (a:x)
Tuilleadh
-
doimhin
Ciall nó Míniú (BÉARLA): deep
Sampla(í) Úsáide: Tá guth ana-dhoimhinn aige - He has a very deep voice.
Tuilleadh
-
doimhin
Ciall nó Míniú (BÉARLA): deep
Sampla(í) Úsáide: go doimhin fé thalamh - deep underground in the bowels of the earth.
Tuilleadh
-
doimhineacht
Ciall nó Míniú (BÉARLA): depth
Sampla(í) Úsáide: doimhineacht na farraige, le doimhineacht an uisce níor bhféidir leis siubhal treasna na h-átha.
Tuilleadh
-
doimhineacht
Ciall nó Míniú (BÉARLA): depth
Sampla(í) Úsáide: Chuaidh sé amach thar a dhoimhineacht 'san abhainn. - Beyond his depth.
Tuilleadh
-
doinblas
Sampla(í) Úsáide: (bolg)
Tuilleadh
-
doircheadas
Ciall nó Míniú (BÉARLA): darkness
Sampla(í) Úsáide: Doircheadas na h-oidhche. Bheadh eagla air sa doircheadas. Chuireadh amúgha é sa doircheadas.
Tuilleadh
-
doircheadas
Ciall nó Míniú (BÉARLA): darkness
Sampla(í) Úsáide: Níor bhféidir liom mo shlighe a dhéanamh amach sa doircheadas. - I couldn't make my way in the darkness. Doircheadas na h-oidhche ba chionntach mé bheith curtha amugha. - The darkness of the night was the cause of my being put astray.
Tuilleadh
Pages