You are here
Na Déise
-
cromadh
Ciall nó Míniú (BÉARLA): finger-length
Ciall nó Míniú (Gaeilge): tomhas éadaig - faid na méire móire,
Sampla(í) Úsáide: ocht gcromadh = skit.
Tuilleadh
-
cromán
Ciall nó Míniú (BÉARLA): hip
Sampla(í) Úsáide: Sheasuig sí os mo choinne 'mach agus a dhá láimh ar a cromáin aici.
Tuilleadh
-
cromán
Ciall nó Míniú (BÉARLA): hip, hip bone
Sampla(í) Úsáide: Thá pian im chromán. - I've a pain in my hip. Bhí a dhá láimh ar a dá chromán aice - She had her hands on her hips.
Tuilleadh
-
crompán
Ciall nó Míniú (BÉARLA): "cripple"
Ciall nó Míniú (Gaeilge): Duine a bheadh crompáltha ag dathacha 7rl.
Tuilleadh
-
cromtha
Ciall nó Míniú (BÉARLA): bent, bowed down
Sampla(í) Úsáide: Thá sé cromtha ag sna dathacha. - He is bent with "the pains". Thá me cromtha ag sna bliadanta. - I'm bent with the years. Bhí a ceann cromtha. - His head was bowed.
Tuilleadh
-
cromtha
Ciall nó Míniú (BÉARLA): bent, crouched
Sampla(í) Úsáide: Bhí sé cromtha síos taobh thiar de'n chlaidhe - bent down, crouched behind the fence
Tuilleadh
-
crónán
Ciall nó Míniú (BÉARLA): humm, buzz
Sampla(í) Úsáide: cronán na mbeach - hum of the bees. crónán na gaoithe, "Ar mhaithe leis fhéin a dhéineann a' cat crónán." = S.fhocal.
Tuilleadh
-
crónán
Ciall nó Míniú (BÉARLA): drone
Sampla(í) Úsáide: Crónán na mbeach. crónánaidhe - duine bhíonn ag síor-chrónán. (Is dóigh liom go raibh "dordán" sa chainnt ach níl me deimhneach de)
Tuilleadh
-
crónán
Ciall nó Míniú (BÉARLA): hum, drone, purr
Sampla(í) Úsáide: Crónán na gaoithe. Cronan na mbeadh. "ar mhaithe leis fhéin a dhéineann a' cat crónán." - S.fhocal.
Tuilleadh
-
crónán
Ciall nó Míniú (BÉARLA): hum, whirr
Sampla(í) Úsáide: cronán na túrthna - the whirr of the spinning wheel.
Tuilleadh
Pages