You are here
Dún na nGall
-
gealachán
Ciall nó Míniú (Gaeilge): tuar de éadach geal, abair, braithliní, léinteacha >rl.
Sampla(í) Úsáide: 1) Beannú ort, bhí gealachán breá amuigh ó mhaidin agat. Caithfidh sé go raibh tú in do shuí go lua.
Tuilleadh
-
gealán
Ciall nó Míniú (BÉARLA): twilight
Ciall nó Míniú (Gaeilge): Fa Nollaig ní bhíonn ann acht gealan.
Sampla(í) Úsáide: Fa Nollaig ní bhíonn ann acht gealan.
Tuilleadh
-
gearran maide
Ciall nó Míniú (Gaeilge): fearas deanta d'adhmad le cliabh a thogail air. Píosa de chann le trí chraobh leis bhíodh ann fosta.
Tuilleadh
-
giordóg
Ciall nó Míniú (Gaeilge): "Bean bheag ghairid nach bhfuil mórán méide innti"
Sampla(í) Úsáide: 1) Maise ní raibh bealach cainte ag Máire í féin nó ní raibh inntí ach giordóg an lá a b'fhearr a bhí sí. 2) Cad én sórt duine an máistreas úr seo a tháinig an lá fa dheireadh? Máire is furrast a moladh. Níl inntí ach giordóg bheag i macasamhail - de dhuine.
Tuilleadh
-
glan
Ciall nó Míniú (Gaeilge): go h-iomlán, ar fad, entirely.
Sampla(í) Úsáide: 1) Stad sé glan den phíopa. Tá sé stadtha glan de na toitíní anois. 2) Stad sé glan den airnéal. Ní chorraíonn sé ón teach anois. 3) Tá dearmad glan déanta aige ar sin anois le fada.
Tuilleadh
-
glas seile
Ciall nó Míniú (BÉARLA): heart-burn
Tuilleadh
-
glas-ailt
Ciall nó Míniú (Gaeilge): mearbhlan a thig ar dhuine amharc síos ó bharr ailt
Tuilleadh
-
glinc
Ciall nó Míniú (Gaeilge): "léim nó cic tobann"
Sampla(í) Úsáide: 1) Bhí achan ghlinc agus achan léim ag an asal nuair a bhain mé na cléibh dí i ndiaidh a theacht ón phortach domh. 2) Thug an asal (nó an beathach) glinc domh agus d'fhág spreite mé ar urlár an tí mé.
Tuilleadh
-
glinceach
Ciall nó Míniú (Gaeilge): Gan a bheith suaimhneach; a bheith tugtha do bheith a' léimnigh nó ag boc-léimnigh.
Sampla(í) Úsáide: Tá an asal s'againn fén deas suaimhneach ach tá asal ghlinceach ag ar gcomharsa bheal dorais. 2) Gheobhaidh mé reitithe den asal seo ata againn nó ta sí glinceach agus deacair a oibriú. B'fhearr a d'fhóirfeadh asal shuaimhneach do na páistí.
Tuilleadh
-
gócach
Ciall nó Míniú (Gaeilge): duine simplí, amaideach nach mbíonn an chuid is troime den chéill aige ar ______(?)
Sampla(í) Úsáide: 1)Tá gócach eile de mhac aicí - fear a bhfuil - air - agus ní shílim gur shaothraigh sé dada riamh dí.
Tuilleadh
Pages