You are here

Na Déise

  1. faid
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): length, duration
    Sampla(í) Úsáide: faid a shaoghail = the length of his life. I bhfaid a shaoghail go léir níor cuaidh sé thar teora an paróiste = During his whole life 7rl. An fhaid a sheasuig sé. = While it lasted 7rl. faid saoghail (se:l') chúghat = Long life to you. An fhaid a sheasuigh an cogad. = While the war lasted, .i. the duration of the war.
    Tuilleadh
  2. faid a ghéige
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): arm's length
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): Choimeád sé 'mach uaidh é. Níor rinn' sé aon mhuinntaras leis.
    Tuilleadh
  3. faid ruchair
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): (out of) range
    Sampla(í) Úsáide: faid ruchair = gun range. I bhfoisgeacht faid ruchair do. = within range. Níos mó ná faid ruchair. = out of range.
    Tuilleadh
  4. faid ruchair
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): range
    Sampla(í) Úsáide: faid rucair = shooting "range". I bhfuisceacht faid ruchair. = within range [urchar]
    Tuilleadh
  5. faid saoghail
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): long, length
    Sampla(í) Úsáide: "faid saoghail chúghat a Mháire Ní Dhuinnsléibhe" a dúbhairt an t-athair Nioclás Ó Síthigh leis a' mbean a dhearbhrigh air. = Rádh bhíodh sa dútha fad ó.
    Tuilleadh
  6. faid-cheannacht
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): far-seeingness, prudence
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): breis céille
    Sampla(í) Úsáide: leis a bhfaid-cheannacht athá ann is deocair buntáiste a bhreith air. (Bhí an t-aid. "faid-cheannach" ann ach nílim deimhneach ar fad i dtaobh "faid-cheannacht" cé go ndéarfainn fhéin é.)
    Tuilleadh
  7. faidcheannach
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): far-seeing
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): aidiacht ar dhuine a bheadh tuigseanach
    Tuilleadh
  8. faigh
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): to get
    Sampla(í) Úsáide: Thá siad ag fághailt bháis leis an ocras. = They are dying of hunger. Fuair na mílte bás le h-ocras sa "droch-aimsir". = Thousands died of hunger in the time of the famine. Thá daoine ag fághailt bháis leis an ocras sa lá thá indiu ann. = People are starving at the present day.
    Tuilleadh
  9. faigh
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): to get, to receive
    Sampla(í) Úsáide: Faghann sé cuid mhaith airgid ó n-a mhac i Meirice = He get a good deal of money from his son in America. Fuair sé an fheirm ó uncail leis. = He got the farm from an uncle of his. Ní gheibheann sé ach beagán pádh. = He only gets little pay. Dá bhfaigheadh sé a bhfuil amuig aige beadh sé sasta. = If he got what is owed to him he'd be pleased.
    Tuilleadh
  10. faigh
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): to get, to acquire
    Sampla(í) Úsáide: Rud a fhághailt (fh = ד) = to get something. Fuair sé eolas maith ar ghnó feirme ó n-a athair. Tha ciall ceannuighthe faighte aig = .i. He has acquired experience.
    Tuilleadh

Pages

Subscribe to Na Déise