You are here
Na Déise
-
cuirim
Ciall nó Míniú (BÉARLA): I put, I place
Sampla(í) Úsáide: Chuir sí a dhá láimh thimpall air. - She put her two arms round him. Bhí a lámha (lã:) thimpall ar a chéile aca. - They had their arms round each other. (Ní raibh "barróg" againn.)
Tuilleadh
-
cuirim
Ciall nó Míniú (BÉARLA): I put, I bury
Sampla(í) Úsáide: ... é chur sa talamh ... - bury it. Duine a chur. - bury a person. curtha sa talamh - buried in the ground.
Tuilleadh
-
cuirim
Ciall nó Míniú (BÉARLA): I put
Sampla(í) Úsáide: aol a chur ar a' bhfalla - to whitewash the wall. Bhí sé ag cur aoil ar philéir an gheata. - He was whitewashing the gate pieces. Ag cur suas "whitewash" - go minic.
Tuilleadh
-
cuirim
Ciall nó Míniú (BÉARLA): I put (up), I endure
Sampla(í) Úsáide: cur suas le - put up with, bear 7rl. Chaith sé cur suas le fuacht agus anró. - He had to endure cold and misery. Chuir sé suas le ana-chuid ó mhathair a chéile - She "put up with" a lot from her mother-in-law.
Tuilleadh
-
cuirim
Ciall nó Míniú (BÉARLA): I put
Sampla(í) Úsáide: é a chur tar a' strapa. - Help him over the stile - .i. Help him to get out of a difficulty. é chur thar an gandal. - Put him past the gander. - .i. See him safe.
Tuilleadh
-
cuirim
Ciall nó Míniú (BÉARLA): I put
Sampla(í) Úsáide: an t-am a chur síos - "Put down" the time. Is deacair an t-am a chur síos díomhain. Chuireadar síos an oidhche ag seanchas. Thá me dh iarradh an t-am a chur síos. - I'm trying to "put down" the time.
Tuilleadh
-
cuirim
Ciall nó Míniú (BÉARLA): I put, I place, I deposit
Sampla(í) Úsáide: Chuir sé an t-airgead sa mbainnc (man'K') - Deposited the money. Chuir sí na h-éadaí sa chófhra. (Ko:rhə)
Tuilleadh
-
cuirim
Ciall nó Míniú (BÉARLA): I plant
Sampla(í) Úsáide: Chuir me gabáiste sa ngáirdín. - Planted cabbage in the garden. Chuir mé sceacha óga ar a' gclaidhe - I planted young whitethorns in the "ditch". Thá na prátaí curtha agam. - I have planted (set) the potatoes.
Tuilleadh
-
cuirim
Ciall nó Míniú (BÉARLA): I put
Sampla(í) Úsáide: Bagún a chur sa siminé. - To put bacon in the chimney. - To smoke the bacon. Chuirtí seadáin ghuirt' sa siminé leis ag cinn muc. (Ní raibh "smoke" mar "briathar".)
Tuilleadh
-
cuirim
Ciall nó Míniú (BÉARLA): I put, I place
Sampla(í) Úsáide: Cuir annsan é. - put (place) it there. Cuir do lámh ar mo cheann. Chuir gach rud in a ionad fhéin.
Tuilleadh
Pages