You are here

Na Déise

  1. cimilt
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): rubbing
    Sampla(í) Úsáide: Bhí sé ag cimilt a lámha (lã:) ar a chéile agus é ag féachaint go sásta leis fhéin.
    Tuilleadh
  2. cine
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): race, family
    Sampla(í) Úsáide: "ainm cul le cine" = ainm nár ghnáthach i measc muinntire. Ní cuimhin liom an focal ach san abhairs seo.
    Tuilleadh
  3. cineálta
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): kind, gentle, devoted
    Sampla(í) Úsáide: Thá sí ana-chineálta ar a máthair. - She is very attentive to her mother. Thá sé ana-chineálta ar na páistí. - He is very devoted to the children.
    Tuilleadh
  4. cineálta
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): kind, gentle
    Sampla(í) Úsáide: Bhí sí go cineálta le máthair a chéile - She was kind to her mother-in-law. Bíonn sí cineálta le gach aoinne - She is gentle to everyone.
    Tuilleadh
  5. cinnfhearann
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): headland in tilled field
    Sampla(í) Úsáide: ar a' gcinnfhearann - on the headland. threabhaigh sé an c- isteach go bun a' chlaidh
    Tuilleadh
  6. cíocha
    Sampla(í) Úsáide: cíocha tinne - sore breast.
    Tuilleadh
  7. cíocrach
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): ravenous
    Tuilleadh
  8. cíocras
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): great hunger, ravenousness
    Sampla(í) Úsáide: Bhí cíocras chun a bhiadh air. - He was ravenous for the food. "ocras agus cíocras ort" - le páiste a bheadh ag ciapadh a mháthar d'iarradh biadh a fhághailt. Roimh aoinne eile ag rádh "Tá ocras orm".
    Tuilleadh
  9. cíocras
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): voracity, ravenousness
    Sampla(í) Úsáide: Bhí cíocras air tar éis an fhaid a bhí sé 'n a throscadh. - He was ravenous after being so long without food. Cíocras chun feola. - Ravenousness for meat.
    Tuilleadh
  10. cíocras
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): avidity, greed, ravenousness
    Sampla(í) Úsáide: Cíocras chun an bhiadh. - Ravenous for food. Cíocras chun an t-saoghail (te:l') seo. - avidity for this world.
    Tuilleadh

Pages

Subscribe to Na Déise