You are here
Na Déise
-
búithreadh
Sampla(í) Úsáide: Thá an bhó ag búithreadh rith a lae, thá sí fé dháir. Comhartha go raibh sí fé dháir an búithreadh. D'aithníghidís ó'n sórt búithreadh a dheineadh sí go raibh sí fé dháir.
Tuilleadh
-
búithreadh
Ciall nó Míniú (BÉARLA): low
Sampla(í) Úsáide: thá na ba ag búithreadh. - The cows are lowing. (Is dóigh liom gur airigheas "géimneach")
Tuilleadh
-
buitléir
Ciall nó Míniú (BÉARLA): butler
Sampla(í) Úsáide: buitléireacht - gnó buitléara.
Tuilleadh
-
bullaí
Ciall nó Míniú (BÉARLA): Bully, a very strong man
Ciall nó Míniú (Gaeilge): bullaí iseadh, is dóigh leis ná fuil aoinne chomh maith d'fear leis fhéin. leas ainm ar fhear "An Bullaí Maoldhomhnaigh", fear san áit. Ghlaodtai "bullaí" ar sheibeannach linbh. bullaí beag iseadh é.
Tuilleadh
-
bullaí
Ciall nó Míniú (BÉARLA): bully
Ciall nó Míniú (Gaeilge): seibionach leibh
Sampla(í) Úsáide: Ag déanadh bullaí de féin. - acting the bully. "An Bullaí Maoldhomnaigh" - ainm ar fear san áit. - bhíodh eagla ar gach aoinne roimis (rãĩg'). (Ní raibh sé mar bhr.) An focal coitceann sa nG.
Tuilleadh
-
bullaí
Ciall nó Míniú (BÉARLA): bully
Ciall nó Míniú (Gaeilge): fear mór láidir
Sampla(í) Úsáide: Bhí fear mór láidir san áit agus glaodtaí "An Bullaí" mar leas-ainm air. ag déanad "bully" de fhéin - .i. throwing his weight around.
Tuilleadh
-
bullán
Ciall nó Míniú (BÉARLA): bullock
Tuilleadh
-
bullán
Ciall nó Míniú (BÉARLA): bullock
Sampla(í) Úsáide: bullán bliadhna - yearling bullock. Not used to mean "young bull".
Tuilleadh
-
bullán
Ciall nó Míniú (BÉARLA): bullock
Tuilleadh
-
bullóig
Ciall nó Míniú (BÉARLA): loaf
Sampla(í) Úsáide: bullóig 'ráin - a loaf of bread. bullóig mhilis - a sweet loaf. - (Barmbrack) bullóig stálaithe - a stale loaf. Ní ghlaodhtaí "bullóig" ar an arán a dheineadh bean a' tighe.
Tuilleadh
Pages