You are here
Liath Mór Mocaomhóg
-
bochtán
Ciall nó Míniú (Gaeilge): Duine gur truagh leat é.
Tuilleadh
-
Bod a' Bhóthair
Ciall nó Míniú (Gaeilge): A roué, Don Juan, ach go coitianta fear gur dual do a bheith creideamhnach ach nach raibh aon mheas air féin aige.
Tuilleadh
-
bodachán
Ciall nó Míniú (Gaeilge): Fear beag reamhar ná fuil aon mhaith ann chun obair feirme a dheanamh.
Tuilleadh
-
bodhrán
Ciall nó Míniú (Gaeilge): Duine bodhar. (bhí an ainm seo, leis ar sórt druma gur deineadh a chlúdach as chroiceann asail óig).
Tuilleadh
-
bodhránaí
Ciall nó Míniú (Gaeilge): Bodhrán agus duine a dhéanfadh bodhar thú ag iarraidh cloisint a ndéarfadh sé, duine a bhíonn ag labhairt i gcogair.
Tuilleadh
-
bóisteálaí
Ciall nó Míniú (Gaeilge): Duine a bíonn ag bóisteáil. 'Boaster'.
Tuilleadh
-
bolgadán
Ciall nó Míniú (Gaeilge): Fear reamhar go raibh bolg mór air (bolgadán: sídhe - mhuisirúin, the puff-ball fungus).
Tuilleadh
-
breall
Ciall nó Míniú (Gaeilge): Fear tostach tuatach.
Tuilleadh
-
breilleach
Ciall nó Míniú (Gaeilge): Bean, cáilín, ná fuil ró-ghlic, ná fuil ró-fhada ó bheith ina ladhb nó 'na hóinsigh
Tuilleadh
-
buicín
Ciall nó Míniú (Gaeilge): Fear óg mórdhálach a bhíonn lán de ghéaitsí agus de leigean air.
Tuilleadh
Pages