You are here

  1. ru
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): mion-fhocal a húsáidtear le neart a chur i gceist.
    Sampla(í) Úsáide: Cá raibh tú ru?
    Tuilleadh
  2. ruacáil
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): rí rá, sailléaracht
    Tuilleadh
  3. ruagán
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): urchar as gunna nó an torann a ghníos sé.
    Tuilleadh
  4. ruaiteach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): áit gharbh chlochach, broch-thalamh spíonta.
    Tuilleadh
  5. ruatach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): rútánach
    Sampla(í) Úsáide: bean ruatach ghéagach í.
    Tuilleadh
  6. ruba
    Sampla(í) Úsáide: Bhí fuba agus ruba dhá dhéanamh acu ar a chéile .i. Bhíodar ag leadradh agus ag léasadh a chéile.
    Tuilleadh
  7. ruf raf
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): rúille búille
    Sampla(í) Úsáide: ina ruf raf
    Tuilleadh
  8. ruidhseach
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): báirseach
    Tuilleadh
  9. ruithín
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): priosla, pislín
    Sampla(í) Úsáide: bhí ruithíní seile tobac ar a chab.
    Tuilleadh
  10. rúpáil
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): rannsáil, útamháil
    Tuilleadh

Pages

Subscribe to