You are here

Uladh

  1. ceangail
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): bind, tie
    Sampla(í) Úsáide: Cheangail sé dá chéile iad, he tied them together.
    Tuilleadh
  2. ceangailte
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): tied, bound, joined in marriage
    Tuilleadh
  3. ceangal
    Sampla(í) Úsáide: Coirce a cheangal, to bind (sheaves of) corn. Do bhróga a cheangal, to lace your shoes. An margadh a cheangal, to close, clinch the bargain. Ní raibh sé le scaoileadh ná le ceangal, he was beside himself with anger. Ag iarraidh ceangal a chur ar dhuine, trying to bind a person down (with conditions, terms etc.)
    Tuilleadh
  4. ceangaltán
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): a truss, a bundle, a bunch tied with twine
    Tuilleadh
  5. ceann
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): head
    Sampla(í) Úsáide: Dul i gceann oibre, to begin work. Chuaigh sé ina cheann dó, it (drink, money, etc.) went to his head. Ar an cheann chaol de, at the very least. Bhí sé i gceann a dheich mblian, he was ten years of age. Ise a chuir ina cheann é, she put him up to it. Bheir sin in mo cheann, that reminds me. An ceann eile de féin, his near kinsman or kinswoman. Fá cheann chúig mblian, five years from now. I gceann na h-aimsire, in the course of time. Bhí sé ina cheann mhaith mná, he was a good husband. Bhí sí ina ceann mhaith do na dílleachtaí, she treated the orphans well. A cheann a thabhairt do dhuine, to give a person scope. A cheann a leigean le duine, to set a person free. Tá fiche punta ina ceann aige, he is expecting £20 for her (cow). Má théim in do cheann beidh aithreachas ort, if I have to punish you, you will be sorry for yourself. Ceann scaoilte, at a loose end, without guidance. I gceann an méid atá aige, added to what (money etc.) he has. Ceann na láimhe, the hand from the wrist out. Bhí sé i gceann bata orthu, he was beating them with a stick. Uair i gceann na míosa, once a month. Bhí ceann conafa air romhan, he received me coolly. Cúig lá an ceann amuigh de, five days at the longest. Dhá cheann an lae, morning and evening. Thóg an aicid ceann arís dó, the ailment came against him later on. Thóg siad ceann corr do, they mad him the butt of their ridicule. Chuir sé an gloine ar a cheann, he put the glass to his lips. Ó chuir sé ina cheann é, since he has made up his mind. An ceann beag, small on Ceann de na caoirigh, one of the sheep. An ceann thuas, thíos, the upper, lower, end. Caidé a bhí ina cheann? What did he mean? Bhí an leas-mháthair ag caitheamh droch-cheann leo, the step-mother was treating them badly. Tabhair cead a chinn dó, let him go, do it, his own way. Tá a cheann leis an iarraidh seo, he is free this time. Rudaí a chur i gceann a chéile, to assemble things. Thug sé a cheann as an ghleo, he survived the conflict. Ceann óg, a young one (of animals only). An oíche a chuaigh siad i gceann a chéile, the evening of their betrothal. I gceann speile etc., working with a scythe, etc. Ceann urraidh, the head of the family or household. Ceann a chur ar theach, to roof a hous Ceann tuighe a thatched roof. Ceann sclataí, a slate(d) roof. Droch-cheann air, bad scran to him. Ceann a chur ar an phaidrín, to say the prayers after the decades have been said, the "trimmings". Ceann feadhna, a leader, an army commander. Ceann feadháin, ring-leader. Os ceann, over, above, more than. Bhí an tubaiste os a cheann, the tragedy, disaster (?) was fated for him. Seoladh ós ceann carraige, sail to windward of a rock. Dul chun cinn, to make progress, to advanc ceann craigirlín, a small horned fish.
    Tuilleadh
  6. ceann
    Sampla(í) Úsáide: 1) Thóg sí ceann corr don leanbh, "she took a spite for the child" ní raibh sí chomh maith dó is a ba cheart dí a bheith (an cion corr a ba cheart a bheith thíos do?)
    Tuilleadh
  7. ceann
    Sampla(í) Úsáide: 1) Tá seacht gceann de uibheacha sa bhascóid .i. uimhir chinnte.
    Tuilleadh
  8. ceann
    Sampla(í) Úsáide: 2) Níor chuntas mé iad ach déarfainn go raibh a seacht nó a h-ocht de cheannaibh ann (.i. uimhir éiginnte). 3) Chaith sé a sheacht nó a hocht de bhlianta i Meiriceá.
    Tuilleadh
  9. ceann agus trath
    Ciall nó Míniú (Gaeilge): mar a liontar pionnan luachra nó pionnanacha in ualach choirce
    Tuilleadh
  10. ceann urraidh
    Ciall nó Míniú (BÉARLA): head of house or of family
    Tuilleadh

Pages

Subscribe to Uladh