You are here
-
baoite
Ciall nó Míniú (Gaeilge): smaois ó'n tsróin; gasúr simplide gan gus.
Sampla(í) Úsáide: baoite de ghasúr.
Tuilleadh
-
baoiteáil
Ciall nó Míniú (Gaeilge): a' cur suas baoití; móiseáil
Sampla(í) Úsáide: ól suas do chuid tae agus ná bí a' baoiteáil leis.
Tuilleadh
-
barainn
Ciall nó Míniú (Gaeilge): caoi, deis
Sampla(í) Úsáide: barainn a chur ar chúrsaí, tráchtála; ní bhfuaireamar aon bharainn .i. aon eolas cruinn.
Tuilleadh
-
barr-chaithte
Ciall nó Míniú (Gaeilge): caithte as an mbarr; éirighthe tanaidhe
Tuilleadh
-
barr-chuanla
Ciall nó Míniú (Gaeilge): cineál reamuinne atá cosamhail leis an bhfeamainn bhuidhe.
Tuilleadh
-
barr-doras
Ciall nó Míniú (Gaeilge): fárdoras
Tuilleadh
-
barranán
Ciall nó Míniú (Gaeilge): bádóir fa dhraoidheacht
Tuilleadh
-
barróg
Ciall nó Míniú (Gaeilge): candhás, lín-éadach garbh
Tuilleadh
-
barú
Ciall nó Míniú (Gaeilge): rún
Sampla(í) Úsáide: Dá mbeadh barú do leasa fút ní ghadhfá ann.
Tuilleadh
-
barúilteacht
Ciall nó Míniú (Gaeilge): greann, greannmhuireacht
Sampla(í) Úsáide: Bhainfeadh sé gáiridhe as an saoghal le n-a chuid barúlacht!
Tuilleadh
Pages