You are here
Tiobrad Árann
-
ropalachán
Ciall nó Míniú (Gaeilge): Ropalach.
Tuilleadh
-
rúcánaí
Ciall nó Míniú (Gaeilge): Fear árd aerach atá tugtha do thaisteal is do ólachán.
Tuilleadh
-
scannróir
Ciall nó Míniú (Gaeilge): Duine a bhíonn ar buile cun maoin an tsaoil, - atá uaidh an domhan a bheith ar a bhaclainn, - ná bíonn an lá fada go leor cun oibre aige.
Tuilleadh
-
sceilpire
Ciall nó Míniú (Gaeilge): Cáilín breá láidir óg.
Tuilleadh
-
seachránaí
Ciall nó Míniú (Gaeilge): Fear ná cuireann suim 'na ghnótha féin ach ag gabháil timcheall, fear tasidil na mbóthar ag lorg scléipe.
Tuilleadh
-
seibhneach
Ciall nó Míniú (Gaeilge): Garsún óg láidir.
Tuilleadh
-
sgroglachánaí
Ciall nó Míniú (Gaeilge): Fear caol árd go bhfuil muineál fada caol air.
Tuilleadh
-
siabhra
Ciall nó Míniú (Gaeilge): Duine beag bídeach éadrom.
Tuilleadh
-
slab
Ciall nó Míniú (Gaeilge): Buachaill óg nu cailín óg atá mór bog laghach.
Tuilleadh
-
slabaire
Ciall nó Míniú (Gaeilge): Bean ná tugann aire dá tigh ná do ullmhú an bhidh ná bíonn ro-thugtha do ghlaine; fear ná fágann deallramh maith ar a chuid oibre críochnuighthe.
Tuilleadh
Pages