You are here
Gaillimh
-
anam
Ciall nó Míniú (Gaeilge): a.f go h-anam .i. ar fad (focal nua-aosach?)
Sampla(í) Úsáide: "Chuir sé a chois go h-anam ann" (1). "Ghabhfadh sé air go h-anam" (1) .i. bheadh sé ag súdáireacht air, ag magadh faoi, go dona. "Muinuigheadh go h-anam é" (1a) .i. mionuigheadh go géar é.
Tuilleadh
-
anam
Ciall nó Míniú (Gaeilge): (Níl aon bhrigh láidir le 'm'anam' in abairtí mar sin, níl ann ach sórt leath-fhocal atá an-choitcheannta ar fad - féach chomh lag is atá sé annseo "m'anam go ndeacha, feictear dhom").
Sampla(í) Úsáide: "Dair m'anam" (1), "Dair brigh m'anama" (1) "M'anam a dhia is do Mhuire" (1a). "M'anam go gcreidfinn é" (7) "M'anam go bhféadfá a rádh" (30). "Tá, a m'anam" (7).
Tuilleadh
-
anam
Sampla(í) Úsáide: Bhí m'anam ag goil amach thar mo bhéal le teann faitíos.
Tuilleadh
-
anam
Sampla(í) Úsáide: Beidh t'anam orm!
Tuilleadh
-
ananns
Sampla(í) Úsáide: tá sé ananns a bheith ré (6) tá sé ananns a bheith imithe (6).
Tuilleadh
-
anasta
Ciall nó Míniú (Gaeilge): .i. -ach
Tuilleadh
-
anastach
Ciall nó Míniú (Gaeilge): an-mhór (le duine, etc.)
Tuilleadh
-
anastach
Ciall nó Míniú (Gaeilge): mór millteach reamhar
Tuilleadh
-
anastach
Ciall nó Míniú (Gaeilge): aid. .i. an-mhór, an-dona (le aimsir).
Sampla(í) Úsáide: .i. Aimsir anastach" (1a). .i. aimsir mhór, droch-aimsir, "Cárr anastach féir" (12) .i. Cárr mór féir "Is anastach an t-ualach móna é" (3). "Is anastach an fear é" (2). "Cloch anastach" (14).
Tuilleadh
-
ancaire
Sampla(í) Úsáide: Tá tú ansin ar -
Tuilleadh
Pages