Focail Fholaithe ón bhFichiú hAois – Bailiúcháin Neamhfhoilsithe den Ghaeilge Labhartha

Thaisteal bailitheoirí ar fud na hÉireann san fhichiú haois le focail agus frásaí Gaeilge a bhailiú ó chainteoirí dúchasacha na Gaeilge.  Theastaigh uathu an saibhreas seo a chaomhnú ar bhealach éigin.  Rinne foireann an tionscadail seo na bailiúcháin a eagrú i bhfoirm inchuardaithe, ionas go mbeidh teacht ag an bpobal orthu, agus go mbeidh úsáideoirí in ann iad a chuardach de réir chritéir éagsúla.  Chomh maith leis sin, rinneadh taighde ar na hiontrálacha, agus aimsíodh “focail fholaithe”, i.e. iontrálacha nach bhfuil luaite i bhfoclóirí clóite na fichiú haoise, agus atá, mar sin, i mbaol a gcaillte.

Tá Foclóir na Nua-Ghaeilge (FNG), mórthionscnamh de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann, an-bhuíoch den Chomhairle Um Thaighde in Éirinn as an tacaíocht a chur siad ar fáil le tabhairt faoin tionscadal seo - Focail Fholaithe ón bhFichiú hAois – Bailiúcháin Neamhfhoilsithe den Ghaeilge Labhartha.